Uisce Éireann Energy

Anailísí Bainistíochta Sócmhainní agus Inbhuanaitheachta/AMS Analyst

Ireland In person Full-time

Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.

Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.

Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.

Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.

An Ról

Tá an réimse Bainistíochta Sócmhainní agus Inbhuanaitheachta freagrach as beartais sócmhainní, straitéisí agus pleananna a fhorbairt chun an infheistíocht shuntasach atá ag teastáil a dheimhniú le cur le bonneagar na hÉireann. Tugann an réimse spreagadh don infheistíocht agus do chlár na hInbhuanaitheachta agus na Nuálaíochta don eagraíocht agus glacann sé ceannaireacht ar ghníomhaíochtaí um Rialú Timpeallachta agus Comhlíontachta, a chinntíonn go ndéantar monatóireacht leanúnach ar cháilíocht an uisce agus ar an bhfuíolluisce.

Tá an fheidhm Bainistíochta Sócmhainní freagrach as pleanáil straitéiseach, bearta tosaíochta agus forbairt a dhéanamh ar phíblíne Oibreacha Caipitil Uisce Éireann. Tá ról lárnach ag an bhfeidhm i gcomhoibriú agus comheagar gníomhaíochtaí a chur chun cinn ar fud na trí fheidhm sócmhainne mar aon le measúnuithe timpeallachta agus saineolas bainistíochta a sholáthar ar fud Uisce Éireann.

Tacaíonn an Phríomhfhoireann Chomhairleach Teicniúla leis an ngnólacht chun barr feabhais teicniúil a bhaint amach, beartas a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus a chuid inniúlachtaí Bainistíochta Sócmhainní a bhaint amach. Forbraíonn an fhoireann feidhmchláir, soláthraíonn siad saineolas teicniúil ar fud an ghnó agus comhordaíonn siad gníomhaíochtaí na dteicneoirí

Agus é/í freagrach don Bhainisteoir Teicniúil um Fhorbairt Bainistíochta Sócmhainní, beidh an tAnailísí Bainistíochta Sócmhainní agus Inbhuanaitheachta mar bhall d’fhoireann a bheidh ag cur ceanglais Uisce Éireann maidir le Córas Bainistíochta Sócmhainní i bhfeidhm. Díreoidh an ról seo ar chur i bhfeidhm agus cothabháil an chórais Bainistíochta Sócmhainní (ISO55001). Cuirfidh an tAnailísí Bainistíochta Sócmhainní agus Inbhuanaitheachta cúnamh ar fáil maidir le beartais agus nósanna imeachta bainistíochta sócmhainní a fhorbairt.

Rachaidh an sealbhóir róil i mbun plé le hionadaithe gnó chomh maith chun riachtanais a shainiú maidir le forbairt bhreise ar chórais Bainistíochta Sócmhainní laistigh d’Uisce Éireann.

Príomhdhualgais agus Freagrachtaí

Gníomhaíochtaí tacaíochta gnó a dhéanamh ó lá go lá don Chóras Bainistíochta Sócmhainní.

Cuidiú le samhail rialachais chuí a shainiú, a chur i bhfeidhm agus a chothabháil maidir le húsáid na gcóras.

Cultúr a bhaineann le beartas agus cleachtadh bainistíochta sócmhainní a fhorbairt agus tacú leis ar bhonn réamhghníomhach ar fud na heagraíochta, rud atá riachtanach chun córas bainistíochta sócmhainní a chur ar fáil go rathúil.

Tacú leis an mbainistíocht athraithe agus leis an oiliúint atá de dhíth chun a chinntiú go nglacfar go forleathan le Córais Bainistíochta Sócmhainní agus Inbhuanaitheachta ag an bhfoireann uile.

Forbairt agus bainistiú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ghné bainistíochta sócmhainní an chreata doiciméadaithe, an chreata daoine agus grúpaí agus na dtaifead gaolmhar.

Dul i mbun oibre le grúpaí rialachais bainistíochta ar fud an ghnólachta agus caidrimh oibre éifeachtacha a fhorbairt chun a chinntiú go gcomhlíonann cleachtais bainistíochta taifead an reachtaíocht ábhartha agus ceanglais ISO 55001 agus go bhfuil siad ag teacht le córas bainistíochta comhtháite Uisce Éireann.

Dul i mbun plé le páirtithe leasmhara na n-aonad gnó d’fhonn riachtanais maidir le feabhsú córas Bainistíochta Sócmhainní agus/nó riachtanais le haghaidh córais nua a dheimhniú.

Rioscaí agus saincheisteanna a chur in iúl de réir mar is iomchuí don Bhainisteoir um Fhorbairt Bainistíochta Sócmhainní.

Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta

Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ.

Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a chur i gcrích ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompraíochtaí dearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a chur i gcrích.

Tacú le Clár Uisce Éireann um Bunathrú a chur i gcrích, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a spreagadh, agus tacaíocht a thabhairt do chuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.

Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.

Dualgais eile de réir mar is gá.

Eolas, Scileanna agus Taithí

B’inmhianaithe a bheith taithíoch ar bhainistiú sócmhainní thar a saolré iomlán, ar fhorbairt agus ar chur i bhfeidhm Córais Bainistíochta, go háirithe Córas Bainistíochta Sócmhainní atá i gcomhréir le ISO55000.

Tá cáilíocht agus / nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe.

Tá taithí 3 bliana ar a laghad sna tionscail uisce nó fóntas nó i dtionscail chomhchosúla inmhianaithe agus/nó taithí ábhartha.

Taithí ar fhorbairt doiciméad, creataí rialachais, próisis.

Inniúlacht in MS Office (Word, Excel, Powerpoint, srl). Beidh inniúlacht in Sharepoint, PowerBI, srl ina buntáiste.

Taithí maidir le dúshláin custaiméirí a réiteach go neamhspleách agus ardchaighdeáin seirbhíse á gcoimeád.

Cumas comhpháirtíochtaí éifeachtacha a fhorbairt le raon leathan páirtithe leasmhara agus an cumas chun dearcthaí éagsúla a lorg agus éisteacht leo.

Scileanna láidre anailíse agus cumas fadhbanna a aithint agus a anailísiú agus cinntí feabhsúcháin a dhéanamh a théann chun tairbhe na foirne/pobail.

Cumas réimsí nua feabhsúcháin a aithint go réamhghníomhach agus bealaí nua a chur i bhfeidhm chun rudaí a dhéanamh.

Taithí ar úinéireacht a ghlacadh ar fhreagrachtaí sábháilteachta agus ag cur le tionscnaimh feabhsaithe leanúnaigh.

Is é 20/10/2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo.

Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.

*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.

Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.

Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.

We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland’s national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.

Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland’s social and economic growth.

We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.

Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland’s water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.

The Role

The Asset Management and Sustainability area is responsible for the development of asset policies, strategies and plans to determine the significant investment required into Ireland’s infrastructure. The area drives investment and the Sustainability and Innovation agenda for the organisation and leads on Environmental Regulation and Compliance activities, ensuring the quality of water and wastewater is continuously monitored.

The Asset Management function is responsible for strategic planning, prioritisation, and development of Uisce Éireann’s Capital Works pipeline. The function plays a key role in promoting collaboration and co-ordination of activities across the three asset functions as well as providing environmental assessment and management expertise across Uisce Éireann

The Chief Technical Advisory team support the business in achieving technical excellence, developing & implementing policy and realising its Asset Management capabilities. The team develop applications, provide technical expertise across the business and coordinate technician's activities

Reporting to the Asset Management Development Technical Manager, the AMS Analyst will form part of a team implementing Uisce Éireann’s requirements for Asset Management System. This role will focus on the implementation and maintenance of the Asset Management system (ISO55001). The AMS Analyst will provide assistance in the development of asset management policies and procedures. The role holder will also liaise with business representatives to define requirements for the further development of Asset Management systems within Uisce Éireann.

Main Duties and Responsibilities

Perform the day to day business support activities for the Asset Management System

Assist to define, implement and maintain an appropriate governance model for the use of the systems

Proactively develop and support a culture of asset management policy and practice across the organisation essential for the successful deployment of an asset management system

Support the change management and training required to ensure widespread adoption of the AMS systems by all staff

Develop and manage the implementation of the asset management component of the documentation framework, people and groups framework and associated records

Engage with management governance groups across the business and develop effective working relationships to ensure records management practices comply with relevant legislation and ISO 55001 requirements and aligns with the Uisce Éireann integrated management system

Liaise with business unit stakeholders in order to determine requirements for Asset Management system improvement and/or requirements for new systems

Raise risks and issues as appropriate to the Asset Management Development Manager

General Duties and Responsibilities

Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business

Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards

Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives

Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann’s Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation

Other duties as required

Knowledge, Skills and Experience

Experience in the management of assets across their whole lifecycle, development and implementation of a Management System, in particular an ISO55000 compliant Asset Management System, is desirable.

Relevant third level qualification and or accreditation is desirable

A minimum of 3 years’ experience in the water, utilities or similar industries is desirable and or relevant experience

Ability to analyse complex data, generate actionable insights, and develop clear, impactful reports to support asset management decision‑making.

Experience in document development, governance frameworks, processes.

Proficiency in MS Office (Word, Excel, Powerpoint, etc). Proficiency in Sharepoint, PowerBI, etc an advantage.

Experience in independently resolving customer challenges while maintaining high service standards.

Ability to develop effective partnerships with a wide range of stakeholders and ability to look for and listen to diverse perspectives.

Strong analytical skills and ability to identify and analyse problems and make improvement decisions that benefit the team/communities.

Ability to proactively identify new areas of improvement and implement new ways to do things.

Experience in taking ownership of safety responsibilities and contributing to continuous improvement initiatives

The closing date for receipt of applications for this vacancy is 20/10/2026.

Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.

*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.

Uisce Éireann is an equal opportunities employer.

We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.

Job description provided by Uisce Éireann.
View the original posting